Aíonna / Guests

Pádraigín Ní Uallacháin

An Dr Pádraigín Ní Uallacháin – Stiúrthóir na hÉigse

Is as Oirialla di – ó thaobh na dtaobhann – agus is amhránaí agus cumadóir í a bhfuil naoi gcinn de dhlúthdhioscaí eisithe aici – cúig cinn ar lipéad Ghael Linn. Tá ceangal a théann i bhfad siar ag a clann le Rann na Feirste. Bronnadh gradaim go leor uirthi mar údár an mhórshaothair, A Hidden Ulster – people, songs and traditions of Oriel. Tá eolas, athbheathú agus seacadadh an traidisiúin in Oirialla ag croílár a cuid saothair.

 

 

 

 

Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill

Maighréad & Tríona Ní Dhomhnaill

Amhránaithe den chéad scoth iad Maighréad agus Tríona, de bhunadh Rann na Feirste agus Co. na Mí. Tá cáil domhanda ar an bheirt acu mar bhaill de ghrúpaí éagsúla. Tá an iliomad dlúthdhioscanna eisithe acu ar lipéad Ghael Linn agus eile. Ceoltóir uirlise cumasach í Tríona agus is as traidisiún Chúige Uladh a thagann formhór na n-amhrán a chanann siad. Is comhluadar aoibhinn, pléisiúrtha, ceolmhar iad beirt.

 

 

Seán McElwain & Dónal McCague

An Dr Seán McElwain & Dónal McCague

Is ceoltóirí uirlise iad beirt as Co.Mhuineacháin. Tá éacht déanta ag Seán leis an taighde dochtúireachta a rinne sé ar oidhreacht cheol an cheantair ar a thugtar Sliabh Beagh, a luíonn ar theorann Oirialla agus Breifne. Rinneadh taifead ar chuid den oidhreacht seo ar an DD ‘Our Dear Dark Mountain with the Sky over it’,  agus tugadh Gradam TG4 2014 do Sheán as an obair iontach seo. Is duine de shárfhidléirí an tuaiscirt é, Dónal, agus sa bhliain 2013 bronnadh Gradam TG4 ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ air. Seineann siad le chéile ceol binn den scoth.

 

Diane Cannon

Diane Cannon 

Is as an Fhál Charrach di, Diane, agus bhuaigh sí an chéad duais i gcomórtas Amhránaíocht na mBan san Oireachtas 2015. Tógadh le ceol í agus ní hábhar iontais ar bith é go ndeachaigh sí leis an amhránaíocht, mar a rinne a hathair agus a seanathair roimpi. Amhráin as Tír Chonaill is mó a bhíonn á gcanadh aici ach imíonn sí thar teorainn go hOirialla le cur lena cnuasach! Bíonn anam agus croí ina guth binn.

 

Tiarnan Ó Duinnchinn

Tiarnán Ó Duinnchinn 

Tá Tiarnán ar dhuine de na cheoltóirí is cumasaí sa tír.  Thosaigh sé ar na píobaí go hóg, le Club na bPíobairí i gCo Ard Mhacha agus tá sé gairmiúil mar cheoltóir le corradh is fiche bliain. Tá craobh na hÉireann bainte amach aige go rialta i gcomórtais an Oireachtais agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Is sár cheoltóir é as Co. Mhuineacháín

 

 

 

Zoe Conway

 

Zoe Conway 

As Oirialla í do Zoe, a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aici. Bíonn sí ag seinm le ceolfhoirne agus mórcheoltóirí na tíre. Sárcheoltóir í a bhfuil an-éileamh uirthi agus dlúthdhioscaí go leor eisithe aici. Is leis an giotáraí, John McIntyre, is mó a bhíonn sí ag seinm go rialta. Tá mórdhílseacht acu beirt do cheol agus do phobal ceoil Oirialla, agus le chéile cuireann siad féiltí agus ceolchoirmeacha ar siúl i gCairlinn.

 

 

Clann Uí Chonchubhair

Clann Uí Chonchubhair

Clann Ui Chonchubhair

Is iad seo banna cónaitheach na hÉigse. Is as leithinis Chuailgne in Oirialla don chlann ildánach  seo, a bhfuil ceol agus amhráin ó na glúnta i bhfad siar acu. Is iad sin Dónal (fidil agus méarchlár), Siubhán (fidil agus amhráin), Feilimí (feadóg mhór, giotár agus amhráin) a bhuaidh Comórtas na bhFear faoi bhun 35 bliain, ag Oireachtas na Bliana 2015, agus Finnian (píb agus feadóga). Aithnítear go gcuirtear go mór le scléip agus spiorad na hocáide nuair a bhíonn siad ag seinm le chéile.

 

 

 

 

 

Gráinne Smith 

Gráinne Smith

Cáirdíneoir óg as Co. an Chabháin í, Gráinne, atá anois ag cur fuithi in Oirialla. Ceol croíúil spleodrach a sheineann sí ar fud an domhain, agus is minic í le cluinsint ag seinm leis an píobaire óg Finnian Ó Conchubhair.

 

 

Eigse Oirialla Dónal O'Connor

Dónal O’Connor

Dónal O’Connor. Is as Oirialla ó dhúchas do Dhónal. Ceoltóir ilghnéitheach den chéad scoth atá ann. Craoltóir, taighdeoir, cumadóir agus léiritheoir é. Tacaíonn sé go gníomhach le gach gné den traidisiún Gaelach. Dlúthdhioscaí go leor eisithe aige agus is crann taca na hÉigse é. Is mór an spóirt é, mar a deirtear thiar.

 

 

Caitríona Ní Chléirchín

An Dr Caitríona Ní Chléirchín

Bhuaigh Caitríona an chéad duais i gcomórtas na scríbhneoirí úra san Oireachtas as a chéad chnuasach Crithloinnir. Scríobhann sí léirmheasanna, ailt iriseoireachta agus acadúla chomh maith. Léachtóir le Gaeilge í agus tá dochtúireacht aici ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson.  Is as Scairbh na gCaorach i gCo. Mhuineacháin ó dhúchas í. Ta an-mheas go deo ar a cuid filíochta.

 

Sylvia Crawford 1

Sylvia Crawford

Sylvia Crawford

Is as Oirialla do Sylvia agus tá sí ar an bheagán a sheinneann an chláirseach sreinge in Éirinn – ceann de na huirlisí ceoil is seanda sa traidisiún Gaelach. Tá sí ar an fhoireann teagaisc i Scoil na gCláirseach, an Historical Harp Society of Ireland. Seinneann sí ar an fhidil agus ar an phianó, chomh maith, agus is múinteor ceoil í a bhfuil an-éileamh uirthi i gcónaí. Ceol binn draoíchtach a sheineann sí.

 

 

Fionnuala Donlon

Fionnuala Donlon

Aithnítear Fionnuala ar dhuine de shár-cheoltóirí óga na cláirsí. Is as Dún Dealgan di agus tá go leor duaiseanna bainte amach aici ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Tá an ceol go smior inti, nó is píobaire cumasach a hathair, Padraig Donlon. Réalt óg í!

 

 

 

 

Eigse Oirialla Edel

Edel Ní Churraoin

Edel Ní Churraoin

Is de bhunadh Chonamara í Edel ach a bhfuil cónaí anois uirthi i mBéal Feirste. Is ceoltóir ildánach í a sheinneann ar an fheadóg stáin, an cairdín, agus ar an phianó. Is ceoltóir agus damhsóir den scoth í agus bíonn an-éileamh uirthi ag féiltí agus ag ocáidí ceoil.

 

 

Gearóid Ó Triombaill

An Dr Gearóid Ó Triombaill

Rugadh agus tógadh Gearóid i gCrois Mhic Lionnain i gCo. Ard Mhacha. Fuair sé céim dhochtúireachta ó Ollscoil Uladh ar thaighde láimhscríbhinní Sheán Uí Annáin – bailitheoir béaloideasa agus liricí Gaeilge ón chéad seo caite. Cuireadh ábhar na céime i gcló i ‘Glór Gaeilge Oirdheisceart Uladh’. Is minic a chluintear Gearóid  ag tabhairt cainte ar ghnéithe de litríocht Oirialla.

 

 

Bláithín Mhic Cana

Bláithín Mhic Cana

Bláithín Mhic Cana

Is ón Mhullach Bán i gCo. Ard Mhacha do Bhláithín. Tá suim ar leith aici in oidhreacht amhránaíochta Oirialla agus tá taifid déanta di ag raideó agus teilifís BBC.  Tá díogras ar leith inti  agus an-suim aici a cuid ceoil a roinnt leis an chéad ghlún eile fríd a cuid oibre mar mhúinteoir sa Ghaelscoil i gCrois Mhic Lionnáin.

 

 

 

Eigse Oirialla Piaras Ó Lorcáin

Piaras Ó Lorcáin

Piaras Ó Lorcáin

Is amhránaí óg é Piaras, ó Chrois Mhic Lionnáin i gCo. Ard Mhacha. Tá sé ag cur an-suim i dtraidisiún amhránaíochta Oirialla agus ag foghlaim na n-amhrán mhóra a bhfuil a chroí istigh iontu. D’fhreastal sé ar Ghaelscoil Chrois Mhic Lionnáin áit ar tháinig sé faoi thionchar Bhláithín Mhic Cana.

 

 

 

Róisín White

Róisín White

Róisín White. 

Is as Co. an Dúin do Róisín ó dhúchas ach a bhfuil blianta caite aici in Ard Mhacha. Is amhránaí traidisiúnta den scoth í a bhfuil an-tóir aici ar amhránaíocht na nGaeltachtaí uile. Tá stór mór amhrán aici i mBéarla agus i nGaeilge. Bronnadh Gradam TG4 ‘Amhránaí na Bliana’ uirthi i 2015. Amhránaí croíúil lách í.

 

 

Tara-gilsenan

Tara Ní Ghiolla Seanáín

Tara Ní Ghiolla Seanáin.

Ta cónaí ar Tara i mbaile Mhuineacháin. Tá sí ildánach agus ilionstraimeach agus go leor duaiseanna buaite aici. Is amhránaí ar an sean nós í a bhfuil stíl álainn Ultach aici.Duine de ghlún óg Oirialla atá líofa le Gaeilge agus ag saothrú thraidisiún na n-amhrán.

 

An Dr Máire Uí Bhaoill.

Léachtóir agus múinteoir aitheanta í Máire a bhain céim dhochtúireachta amach in Ollscoil na Banríona ar shaothar an bhailitheora, James Cody. Bhí Cody ag bailiú amhrán agus ceoil do Edward Bunting as Co. Ard Mhacha ag tús an naoú haois déag.

 

Brian Ó Domhnaill

Brian Ó Domhnaill

Maire Ni Choilm

Máire Ni Choilm

Geraldine Bradley

Geraldine Bradley

Brian & Máire & Geraldine 
Beidh cuid de chairde na hÉigse, Brian Ó Domhnaill, Geraldine Bradley agus Máire Ní Choilm ar ais fan teach linn arís i mbliana ag cur go mór leis na himeachtaí. Is de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill iad beirt ach ag cur futhu anois ar chóstaí an Oirthear.