ÉIGSE OIRIALLA - AMHRÁIN AGUS CEOL

Stiúrthóir na hÉigse: An Dr Pádraigín Ní Uallacháin

Slide 1

Maighréad & Tríona Ní Dhomhnaill

Amhránaithe den chéad scoth iad Maighréad agus Tríona, de bhunadh Rann na Feirste. Tá cáil dhomhanda ar an bheirt acu mar bhaill de ghrúpaí éagsúla. Tá an iliomad dlúthdhioscanna eisithe acu ar lipéad Ghael Linn agus eile. Ceoltóir uirlise cumasach í Tríona agus is as traidisiún Chúige Uladh a thagann formhór na n-amhrán a chanann siad. Is comhluadar aoibhinn, pléisiúrtha, ceolmhar iad beirt.

Seán McElwain & Dónal McCague

Is ceoltóirí uirlise iad beirt as Co.Mhuineacháin. Tá éacht déanta ag Seán leis an taighde dochtúireachta a rinne sé ar oidhreacht cheol an cheantair ar a thugtar Sliabh Beatha, a luíonn ar theorann Oirialla agus Breifne. Rinneadh taifead ar chuid den oidhreacht seo ar an DD ‘Our Dear Dark Mountain with the Sky over it’, agus tugadh Gradam TG4 2014 do Sheán as an obair iontach seo. Is duine de shárfhidléirí an tuaiscirt é, Dónal McCague, agus sa bhliain 2013 bronnadh Gradam TG4 ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ air. Seineann siad le chéile ceol binn den scoth.

Diane Cannon

Is as an Fhál Charrach di, Diane, agus bhuaigh sí an chéad duais i gcomórtas Amhránaíocht na mBan san Oireachtas 2015. Tógadh le ceol í agus ní hábhar iontais ar bith é go ndeachaigh sí leis an amhránaíocht, mar a rinne a hathair agus a seanathair roimpi. Amhráin as Tír Chonaill is mó a bhíonn á gcanadh aici ach imíonn sí thar teorainn go hOirialla le cur lena cnuasach! Bíonn anam agus croí ina guth binn.

Clann Ui Chonchubhair

Is iad seo banna cónaitheach na hÉigse. Is as leithinis Chuailgne in Oirialla don chlann ildánach seo, a bhfuil ceol agus amhráin ó na glúnta i bhfad siar acu. Is iad sin Dónal (fidil agus méarchlár), Siubhán (fidil agus amhráin), Feilimí (feadóg mhór, giotár agus amhráin) a bhuaidh Comórtas na bhFear faoi bhun 35 bliain, ag Oireachtas na Bliana 2015, agus Finnian (píb agus feadóga). Aithnítear go gcuirtear go mór le scléip agus spiorad na hocáide nuair a bhíonn siad ag seinm le chéile.